Seán French E-mail

“Oym Oyrish Allroy !”

le Seán Ó Curráin, Sydney

Seán French's story is of a man hard to ignore, a thing that has been said about the musical style of the flute tradition from the “Da Black Nort”.  Seán wasn't afraid of using the odd politically incorrect phrase, such as this, and there was no malice or complication in his use of them.  Seán had a persuasive style and strong resolve at his core, perhaps in contradiction with his short stature.  He had no airs or graces and it was nature of his character that gave rise to his sobriquet Seáinín (nó Johnnie).

Stíl na dteangacha Gaelach agus Astrálach.…

Uaireanta chuirfeadh duine nó dhó isteach ar Sheáinín agus nuair a tháinig an crú ar an tairne, sheasfadh Seáinín an triail ag rá “Oym Oyrish Allroy!”.  Tá sé deacair á scríobh fuaim na canúna a bhí aige, canúint a tháinig amach as BÁC.  Is “Phonetics” atá cleas amháin a chuireann síos ar fhuaim na habairtíne atá i gceist agus tá cuidiú do theanga níos aithnidiúla de dhíth orainn.  Is sórt “Rosetta Stone” an rosc catha Astrálach “Aussie, Aussie, Aussie, oy, oy, oy” a bhaineann le cruicéad, ceann de na spóirt is suntasaí san Astráil agus bhí suim mhór ag Seáinín ann mar gheall ar a thríocha blianta caite san Astráil.

Strine ...

Deirtear gurb ea canúint Astrálach atá déanta amach as consain agus gutaí atá craptha le chéile i bhfuaim cam, tachta agus tugadh an t-ainm “strine” atá mar an focal “Australian” chraptha.  Maidir le stádas na canúna, fógraítear dúinn ceann de na suímh gréasáin “Strine - the world’s most advanced English dialect”.  Is défhoghar é an fuaim “oy” a chuireann giota beag ionaidh ann mar chloistear ann “oy” sa seanteanga Ghaeilge agus sa teanga úrnua Strine agus dá mbeadh focal Ghaeilge in ionad Strine de dhíth orainn b'fhéidir go mbeadh sé ceart agus cóir an focal Stráilis má bhíonn gá ann.  In ainneoin sin, is léir go bhfuil imní mhór ag na cainteoirí ó dhúchas san Astráil faoin “Cultural Cringe”.

Cúb cuir i gcás ...

Má bhíonn tú gan chleachtadh ar an bhfrása “Cultural Cringe”, tá an t-ádh dearg ortsa.  Is ionann “Cultural Cringe” agus “cos ar an bholg” agus ní hamháin na cainteoirí ó dhúchas san Astráil ach as Éirinn dóibh chomh maith.  Ar na mallaibh bhuaileamar le seanchara de m'athair agus bhí mé fiosracht faoina chuid Gaeilge mar ní bhfaca mé é ar feadh ama fhada.  Dúirt sé linn gur bhuaigh sé deontas na Gaeltachta go rialta nuair a bhí sé ina pháiste.  “Ó an bhfuil sin ceart ?” arsa m'athair. “None of that stuff here, we're in Australia now, mate” tháinig an freagra ar ais.

Stíl Sheáinín ...

Bhuel, ní raibh aon “Cultural Cringe” ar bith ag Seáinín nuair a bheadh duine nó “eejit” éigin ag iarraidh a chur isteach air, agus déarfadh sé “Feic’im !”.  Ní fhocal Ghaeilge é seo “feic’im”.  Bhí Seáinín an-láidir mar dhuine agus ní raibh sé sásta riamh aon duine á iarraidh cosc á chur ar a stíl.  Bhí Seáinín bródúil as an nGaeilge agus ní raibh “cringe” ar bith aige riamh.

KIS agus duine dosmachtaithe ...

Keep it simple” a bhí ceann de na manaí simplí ag Seáinín.  Is coincheap mar an gcéanna ag comhlachtaí na bríbhéireachta san Astráil agus bhaineann siad úsáid as focail an-shimplí atá ar chuid de na beoracha, cuir i gcás “Cold”, “Old”, “Raw” agus “XXXX” srl agus ina bhreis sin as na fógraí an-shimplí ag baint leo, mar shampla “Have a bloody great cold beer !”.  B’ea “Cold” an bheoir is fearr le Seáinín.  Ní théadh Seáinín thar fóir leis an “grog” go minic agus théadh sé fá choinne néal pinsinéara go rialta le linn sna Scoileanna Gaeilge Astrálacha.  In ainneoin sin, bhí clú is cáil air mar duine den lucht dosmachtaithe ach b'fhéidir go raibh sé sásta an chosúlacht a leasú sa spiorad an seanfhocal “Dhá thrian den obair í an chosúlacht”.

Gean le ceol ...

Bhí spéis sa cheol i dtólamh aige agus bhí gean mór aige á chanadh as Gaeilge ina aonair nó sa Chór Chomhphobail Gaelach Sydney.  Murar tharla “cothrom na Féinne” ag an seisiún, scairtfeadh Seáinín amach “Give the singers a go!”.  Reáchtáladh sé clubanna cheoil in Iarthar Sydney agus thart fá Sydney fosta agus ina bhreis sin glacadh sé páirt sna seisiúin cheoil.  Bhí neart díograise aige ach chaitheadh sé cuid mhór ama fuinnimh ag troid le fuarchúis mar “Is fearr an troid ná an t-uaigneas” dó.

Gabh Seáinín achan lá ...

Bhí cuid mhaith riailbhéasa ag Seáinín agus bhí sé ina mhochóirí aige ionas go mbeadh sé in ann an seanfhocal Laidine “carpe diem” a chur i bhfeidhm.  Thosaíodh sé achan lá ag snámh agus go mion minic ina dhiaidh d’fheictí Seáinín sa pháirc áitiúil ag seinm ceoil ar an bhfeadóg.  San iarnóin chaithfeadh Seáinín cuid mhaith ama ag foghlaim agus ag cleachtadh ceoil agus é ag foghlaim Gaeilge freisin.

Sean Toowoomba (gan ceol gan ranganna Gaelacha) ...

Nuair a d’fhág Seáinín Sydney ar a bhealach go Toowoomba bhí mórán tuairimíochta faoi na nithe a bheadh i ndán do Sheáinín ina shaol nua.  Is baile mór é Toowoomba, suite céad ciliméadar is fiche intíre ó Brisbane, le níos mó na 90 míle duine ann.  Fiú amháin go bhfuil réimse leathan áiseanna agus seirbhísí ann, ach ní raibh mórán ceoil Gaelaigh nó ranganna Gaeilge ag siúl ag an am sin.

Spreagadh ...

Cuir Seáinín spreagadh ar a chairde úr bunaithe in Toowoomba chun fás a chur ar na seisiúin ceoil.  Ní raibh éinne ábalta stop a chur ar Seáinín mar thosaigh sé rang Gaeilge fiú amháin nach raibh taithí mar mhúinteoir aige, ach bhain sé úsáid as an díograis agus taithí a bhí ag na daltaí ann.  Ní dhearna a chairde i Sydney dearmad air ach oiread, mar thabharfaidís cuidiú dó ar an fhón, ríomhaire agus sa phost.  Ach mar a deirtear san Astráil “the tyranny of distance” agus é sin a chuir cosc ar a thurais go na Scoileanna Gaeilge a tharlaíonn gach bliain in Sydney agus Melbourne.  Tar éis an tsaoil, bhí Seáinín an-sásta lena bhaile nua in Toowoomba.

Ba duine mór le rá Seáinín ...

Fuair Seáinín bás ag am Nollag 2009, ab duine mór le rá é.  Ba bhreá leis slánú gairid a fhágáil, mar ní raibh sé sásta le chloisteáil focail den sórt “ró-dheas” agus d’fhreagródh sé go béasach “Willya feicoff”.

Daonscoil 2004 (Melbourne).  Ag bualadh na leabhar - Seáinín agus an t-údar.
Daonscoil 2004 (Melbourne).  Ag bualadh na leabhar - Seáinín agus an t-údar.


Focail Cultúrtha

BÁC (Baile Átha Cliath) Dublin
The Rosetta Stone was found in 1799 and provided Egyptologists with the key to the unlocking of Egyptian hieroglyphics
Deontas na Gaeltachta The grant to families based on the ability of their children to speak Irish.
eejit fool
grog alcoholic beverage (Aussie slang).
Chór Chomhphobail Gaelach Sydney Irish Community Choir of Sydney
carpe diem Seize the day
Tyranny of distance The title of a book by Prof. Geoffrey Blainey.

Na Seanfhocail

Dhá thrian den obair í an chosúlacht.    -  Two thirds of the work is semblance.
Is fearr an troid ná an t-uaigneas.    -  A fight is better than loneliness.


Focail Eile

chuirfeadh duine nó dhó isteach ar Seáinín one or two people would annoy Seáinín
nuair a tháinig an crú ar an tairne when it came to the test
fuaim na canúna sound of the dialect
fhuaim na habairtíne sound of the phrases
atá i gceist which are in question
teanga níos aithnidiúla de dhíth orainn more familiar language we need
an rosc catha Astrálach the Australian battle cry
cruicéad cricket
is suntasaí most prominent
mar gheall ar because of
tachta choked
craptha contracted
fógraítear was announced (autonomous form)
suímh gréasáin web site
défhoghar diphthong
giota beag ionaidh a little but of surprise
cloistear was heard (autonomous form)
in ionad instead of
ceart agus cóir right and proper
in ainneoin sin in spite of that
cainteoirí ó dhúchas native speakers
tá an t-ádh dearg ortsa your are extremely lucky
is ionann the same as
cos ar an bholg oppression
ar na mallaibh recently
ar feadh ama fhada for a long time
ag iarraidh trying
déarfadh sé he would say
bródúil as an nGaeilge proud of the Irish language
duine dosmachtaithe an incorrigible
manaí mottos
mar an gcéanna likewise
comhlachtaí na bríbhéireachta brewing companies
beoracha beers
fógraí an-shimplí very simple advertisements
théadh used to go
fá choinne for
néal pinsinéara pensioners nap
clú is cáil fame and renown
a leasú to promote
i dtólamh always
cothrom na Féinne fair play
reáchtáladh used to organise
fosta fresin
glacadh sé páirt he took part
fuinnimh  (foirm ginideach) energy (genitive case)
fuarchúis apathy
achan lá every single day
riailbhéasa  (foirm ginideach) regular habits
mochóirí early riser
ionas go mbeadh in order that
Laidine   (foirm ginideach) Latin (language)
chur i bhfeidhm put into operation
thosaíodh used to start
d’fheictí used to be seen
ar an bhfeadóg on the tin whistle
chaithfeadh would spend
cuid mhaith ama a good bit of time
tuairimíochta  (foirm ginideach) speculation
i ndán in store
réimse leathan áiseanna agus seirbhísí wide range of facilities and services
Gaelaigh   (foirm ginideach) Irish
bunaithe established
thabharfaidís they would give
cosc restriction
thurais trips
“tar éis an tsaoil” “at the end of the day”
duine mór le rá important person
d’fhreagródh would answer
go béasach politely